Submission from Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge

Submission from Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge (PDF, 177KB) 

Is í Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge lár-chomhairle phobal na Gaeilge. Léirítear príomhchuspóir na Comhdhála trína Ráiteas Misin "bá agus tacaíocht don Ghaeilge mar bheotheanga agus cumas inti a neartú agus a bhuanú le go mbeidh sí á húsáid go saoráideach agus go forleathan i ngach gné de shaol mhuintir na hÉireann."

Bunaithe i 1943, feidhmíonn an Chomhdháil mar scátheagraíocht ar na heagrais dheonacha Gaeilge agus thar ceann phobal na Gaeilge ar mhaithe leis an gcuspóir náisiúnta an Ghaeilge a athbheochan.  Tá 24 balleagraíocht sa Chomhdháil ó mhór-réimsí uile na hearnála.  Is í feidhm don Chomhdháil na heagraíochtaí Gaeilge agus cairde eile na teanga a chomhdhlúthú d'fhonn comhpháirtíocht thorthúil a chinntiú trí chumarsáid a chothú agus aontú ar phríomh spriocanna oibre na Comhdhála.