An Chéad Phlécháipéis – 'An Choireacht a Chosc agus Sábháilteacht an Phobail' – Achoimre ar Thorthaí an Chomhairliúcháin
I mí Eanáir 2010 d’fhoilsigh an tAire Dlí agus Cirt agus Athchóirithe Dlí, an tUasal Diarmuid Ó hEachthairn TD, dhá cháipéis ina ndearnadh achoimre ar an aiseolas a fuarthas ar an bPlécháipéis ar an bPáipéar Bán ar an gCoireacht, 'An Choireacht a Chosc agus Sábháilteacht an Phobail' (Iúil 2009).
Tugann an chéad cheann de na cáipéisí sin cuntas ar na freagraí i scríbhinn a fuair an Roinn tar éis fógrán poiblí ag lorg aighneachtaí. Rinne an dara ceann díobh, a chuir an Foras Riaracháin le chéile, cur síos ar na tuairimí a nochtadh ag seimineáir réigiúnacha chomhairliúcháin a d’eagraigh an Roinn i rith 2009. Tá na cáipéisí sin ar fáil i bhfoirm PDF nó mar html ag na naisc thíos. Tá cóipeanna crua le fáil ach iad a iarraidh.
An Chéad Phlécháipéis – Forléargas ar na hAighneachtaí a fuarthas, Feabhra 2010
Ar na saincheisteanna a ardaíodh i rith an chomhairliúcháin bhí:
- an gá atá le bearta chun dul i ngleic le bunchúiseanna na coireachta
- comhordú na n-iarrachtaí idir na gníomhaireachtaí iomchuí chun an choireacht a chosc
- póilíneacht phobail agus cumarsáid idir an Garda Síochána agus an pobal
- comhpháirtíochtaí pobail chun an choireacht a chosc agus chun cáilíocht na beatha a fheabhsú
- a mhéad agus is féidir leis an teicneolaíocht agus le dearadh foirgneamh cuidiú leis an gcoireacht a chosc
- ról an alcóil agus mí-úsáide drugaí maidir le cionta a dhéanamh
- cosaint do dhaoine aosta agus do dhaoine den phobal atá scoite amach
- idirghabháil le leanaí agus le tuismitheoirí chun daoine óga a chosc ar dhul le coireacht
- straitéisí chun ciontóirí a ath-imeascadh agus chun coireanna sa todhchaí a laghdú
- úsáid níos mó a bhaint as pionóis phobalbhunaithe agus as an gceartas aisiríoch
- acmhainní a chur ar fáil do bhearta coiscthe coireachta
- an gá atá le taighde agus staitisticí feabhsaithe maidir leis an gcoireacht in Éirinn
Forléargas ar Phróiseas an Pháipéir Bháin ar an gCoireacht
An Chéad Phlécháipéis – 'An Choireacht a Chosc agus Sábháilteacht an Phobail'
An Dara Plécháipéis – 'Smachtbhannaí Coiriúla'
An Dara Plécháipéis – 'Smachtbhannaí Coiriúla' – Achoimre ar Thorthaí an Chomhairliúcháin
An Tríú Phlécháipéis 'Coireacht Eagraithe agus Coireacht an Bhóna Bháin'
Achoimre ar Thorthaí an Chomhairliúcháin - 'Saoránaigh Scothaosta agus an Choireacht'
An Ceathrú Plécháipéis 'An Pobal agus Córas an Cheartais Choiriúil'
Cláraigh chun eolas cothrom le dáta a fháil
