An Dara Plécháipéis – 'Smachtbhannaí Coiriúla'
Maidir leis an bplécháipéis "Smachtbhannaí Coiriúla" is é an dara ceann é de shraith plécháipéisí a fhoilseofar agus Páipéar Bán ar an gCoireacht á fhoilsiú. Tá an cháipéis ar fáil i bhfoirm PDF nó mar html ag an nasc thíos. Tá cóipeanna crua le fáil ach iad a iarraidh.
Páipéar Bán ar an gCoireacht, Plécháipéis Uimh. 2 – Feabhra 2010
Fearacht na chéad phlécháipéise (‘An Choireacht a Chosc agus Sábháilteacht an Phobail’) tá an páipéar seo dírithe ar an léitheoir ginearálta agus is éard atá ann ná forléargas neamh-shaineolaíoch ar an tsaincheist, mar aon le roinnt ceisteanna chun cuidiú le plé agus aiseolas a mhúnlú.
Leagann an páipéar seo amach raon reatha na smachtbhannaí a chuirtear i bhfeidhm in Éirinn agus cuirtear na ceisteanna seo a leanas:
- cén ról ba chóir a bheith ag smachtbhannaí mar chuid de fhreagra foriomlán ar an gcoireacht?
- cé chomh maith is atá ag éirí leis an gcur chuige reatha maidir leis an gcoireacht a chosc agus a laghdú?
- cén chaoi arbh fhearr beartas a fhorbairt agus a chur i ngníomh sa réimse seo?
Ar dtús, leagann an cháipéis seo amach cuid de na haidhmeanna is minice a luaitear le smachtbhannaí a chur ar dhaoine agus an chaoi a bhféadfaidís cuidiú leis an gcoireacht a chosc agus an pobal a chosaint. Leagtar béim, go háirithe, ar ról smachtbhannaí maidir le díspreagadh, le héagumasú agus le hathshlánú.
Tugann an cháipéis cuntas ansin ar raon reatha na smachtbhannaí a chuirtear ar dhaoine in Éirinn, idir roghanna coimeádta agus neamhchoimeádta, agus pléitear na buntáistí agus na dúshláin a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis an dá chur chuige. Ar deireadh, déantar achoimre sa pháipéar ar an gcreat ginearálta do bheartas gearrtha pianbhreitheanna in Éirinn, agus an chaoi a bhféadfaí é a fhorbairt don todhchaí.
Ar na ceisteanna a bhí leagtha síos lena mbreithniú go mion bhí:
- cé chomh mór is a chuidíonn príosúnú leis an gcoireacht a laghdú agus leis an bpobal a chosaint?
- an bhféadfaí úsáid níos mó a bhaint as pionóis neamhchoimeádta?
- cad iad na cineálacha smachtbhannaí neamhchoimeádta a d’fheilfeadh do chiontóirí a dhéanann cionta nach bhfuil chomh tromchúiseach sin ach a dhéanann cionta go leanúnach?
- cén cineál róil ba chóir a bheith ag pobail maidir le hoibriú Orduithe Seirbhíse Pobail?
- ar chóir meicníochtaí a chur i bhfeidhm chun líon na bpianbhreitheanna gearrthréimhseacha a laghdú?
- an bhfuil gá le struchtúrú níos mó a dhéanamh ar an mbeartas gearrtha pianbhreitheanna de chuid na hÉireann agus, más amhlaidh go bhfuil, cén chaoi ar chóir é sin a bhaint amach?
- cén chaoi ar féidir eolas agus tuiscint an phobail ar an bpróiseas gearrtha pianbhreitheanna a fheabhsú?
I Lúnasa 2010, foilsíodh dhá thuarascáil ar thoradh an phróisis chomhairliúcháin: achoimre ar na haighneachtaí i scríbhinn a fuair an Roinn agus achoimre ar a raibh le rá ag na rannpháirtithe ag an gcruinniú comhairliúcháin a reáchtáladh i gCaisleán Bhaile Átha Cliath i mBealtaine 2010. Tá na cáipéisí sin ar fáil i bhfoirm PDF nó mar html ag an nasc thíos. Tá cóipeanna crua le fáil ach iad a iarraidh.
An Dara Plécháipéis – ‘Smachtbhannaí Coiriúla’ – Achoimre ar Thorthaí an Chomhairliúcháin
Forléargas ar Phróiseas an Pháipéir Bháin ar an gCoireacht
An Chéad Phlécháipéis – 'An Choireacht a Chosc agus Sábháilteacht an Phobail'
An Dara Plécháipéis – 'Smachtbhannaí Coiriúla' – Achoimre ar Thorthaí an Chomhairliúcháin
An Tríú Phlécháipéis 'Coireacht Eagraithe agus Coireacht an Bhóna Bháin'
Achoimre ar Thorthaí an Chomhairliúcháin - 'Saoránaigh Scothaosta agus an Choireacht'
An Ceathrú Plécháipéis 'An Pobal agus Córas an Cheartais Choiriúil'
Cláraigh chun eolas cothrom le dáta a fháil
