Comhsheirbhísí Airgeadais

                                 

 

 FSS Logo 

Soláthraíonn Seirbhísí Airgeadais Comhroinnte (SAC) seirbhísí airgeadais don Roinn agus d’ocht n-eagraíocht eile ar cliaint leis iad.

 

Cúlra

Díláraíodh Rannán Airgeadais na Roinne ó Bhaile Átha Cliath chuig Cill Airne i mí Lúnasa 1990. Ghlac sé le teideal corparáideach nua, Seirbhísí Airgeadais Comhroinnte, in 2005 tar éis athstruchtúrú a bheith déanta ar a phróisis ghnó ar aon dul leis an múnla gnó fad-bhunaithe maidir le seirbhísí comhroinnte. Is iad na heagraíochtaí ar cliaint leis iad ná

  • An Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais  
  • an Garda Síochána 
  • Seirbhís Phríosúin na hÉireann
  • an tSeirbhís Chúirteanna
  • an tÚdarás Clarúcháin Maoine (Clárlann na Talún/Clárlann na nGníomhas) 
  • an Roinn Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta 
  • Ardmhúsaem na hÉireann
  • Leabharlann Náisiúnta na hÉireann
  • Roinn an Taoisigh


 
Gnó

San áireamh sna seirbhísí íocaíochta a sholáthraímid tá párolla, pinsin, sonraisc, speansais na bhfostaithe, deontais agus cúnamh dlí choiriúil. San áireamh le seirbhísí eile tá cothabháil ar mhórleabhair ghinearálta na gcuntas, cuntasaíocht agus tuairisceoireacht airgeadais, tacaíocht do chórais airgeadais agus córais den sórt sin a fhorbairt. Agus patrúin, maidir le poist agus obair a bheith á roinnt, curtha san áireamh, tá thart faoi 205 ball foirne ag líonadh 185 post atá ar chomhbhrí le poist lánaimseartha sa SAC.

Próiseálann an t-ionad SAC na tuarastail agus an pá do bhreis is 26,700 fostaí le cois 7,800 pinsinéir agus baintreach an Gharda Síochána. Láimhseáil muid breis is 170,000 sonrasc, 114,000 íocaíocht as speansais agus 78,000 íocaíocht chúnamh dlí choiriúil in 2007 thar ceann na n-eagraíochtaí ar cliaint leis an ionad iad. Sa bhliain chéanna, phróiseáil muid caiteachas de bhreis is €3 billiún. Úsáimid córas párolla Corepay agus córas íocaíochta sonraisc Oracle Financials.
 

Comhaontuithe Seirbhíse

Tá comhaontuithe seirbhíse aontaithe agus sínithe ag an aonad SAC agus ag na heagraíochtaí ar cliaint leis iad agus sainmhínítear leis na comhaontuithe sin an raon agus na caighdeáin le haghaidh na seirbhísí airgeadais a thugann an t-aonad. Tá táscairí feidhmíochta san áireamh leis na comhaontuithe, rud a chabhraíonn linn feidhmíocht a bhainistiú. Eisímid tuairiscí míosúla chuig na heagraíochtaí ar cliaint linn iad maidir le feidhmíocht de réir táscairí éagsúla ar aontaíodh tús áite a thabhairt dóibh. Déantar athbhreithniú ar gach comhaontú seirbhíse ar bhonn bliantúil.

 

Gnó Nua

Tá ionad SAC Chill Airne ar fáil chun seirbhísí airgeadais cosúil lenar liostaíodh thuas a sholáthar do ranna, d’oifigí agus do ghníomhaireachtaí eile Rialtais.
 

Sonraí Teagmhála

Seoladh: 

 + 353 64 70300
 + 353 64 70345
 fsshelp@justice.ie

Contact Details

Seoladh:

Seirbhísí Airgeadais Comhroinnte
Roinn Dlí agus Cirt agus Athchóirithe Dlí 
Páirc an Fhiaidh
Cill Airne
Co. Chiarraí

 

 

 

 

Fón

(lasc-chlár):
(deasc chabhrach):

(064) 6670300
(064) 6670345
R-phost: fsshelp@justice.ie

 

 

 

 

 

Sa roinn seo, faigh amach faoi na nithe seo a leanas: