Achoimre Fheidmeach - Náisiúnta um Fhoréigean Teaghlaigh, Gnéis agus Inscne-bhunaithe 2010-2014
Is éard atá sa straitéis seo ná ráiteas faoi na bearta sin a dtugann an Rialtas tosaíocht dóibh le dul i ngleic le foréigean teaghlaigh, gnéis agus inscne-bhunaithe in Éirinn, agus cuirfear na bearta sin i bhfeidhm sa tréimhse cúig bliana ó mhíonna tosaigh na bliana 2010 go dtí deireadh 2014. Cúis imní don Rialtas is ea a laghad nochta nó tuairiscithe a dhéantar go hiondúil faoi fhoréigean teaghlaigh, gnéis agus inscne-bhunaithe. Leagann an straitéis síos plean don rialtas go léir chun córas níos éifeachtúla a chur ar fáil chun na cineálacha foréigin sin a chosc. Tá sé roinn rialtais, mar aon lena ngníomhaireachtaí agus suas le 100 eagraíocht neamhrialtasach páirteach san obair le cosc a chur le mí-úsáid, nó le maolú a dhéanamh uirthi. Is é aidhm na straitéise ná creat láidir a sholáthar chun idirghabhálacha inbhuanaithe a chur ar fáil chun cosc a chur le foréigean teaghlaigh, gnéis agus inscne-bhunaithe agus le freagra éifeachtach a thabhairt air.
National Strategy on Domestic, Sexual and Gender-based Violence 2010-2014 (PDF - 4.59MB)
