Cuireann an tAire Ó hEachthairn béim ar Chomhoibriú maidir le Dul i nGleic le Coireacht Tras-Teorann

Rinne an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí, Diarmuid Ó hEachthairn T.D., agus Aire Ceartais Choiriúil Thuaisceart Éireann, Paul Goggins, F.P., an comhoibriú leanúnach trasteorann i dtaca le ceartas coiriúil a athbhreithniú i nDún Dealgan inniu.

Tar éis an chruinnithe, dúirt an tAire Ó hEachthairn go raibh an dá Rialtas tiomanta leanúint orthu ag obair le chéile ar shaincheisteanna comhleasa.

Dúirt an tAire Ó hEachthairn: "Táimid fíoraontaithe inár dtiomantas do dhul i ngleic le haon iarrachtaí ó eilimintí coiriúla chun teacht i dtír ar an teorainn chun críocha urchóideacha. Níor oibrigh an comhoibriú idir an Garda Síochána agus Seirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann ag leibhéal níos airde ná seo, ná chomh héifeachtach leis seo, riamh."

Dúirt an tAire Goggins: "Soláthraíonn na cruinnithe seo deis chun faisnéis a roinnt agus chun comhoibriú praiticiúil a chur chun cinn thar raon réimsí ceartais choiriúil. Go háirithe, tá comhoibriú idir na Póilíní agus an tSeirbhís Phromhaidh i ndáil le ciontóirí gnéis ag cuidiú chun a áirithiú go bhfuil na comhshocraíochtaí cearta Cosanta Poiblí déanta. Inniu, phléamar faireachán leictreonach ar chiontóirí, freisin, mar aon leis an gcreat nua gearrtha pianbhreitheanna i dTuaisceart Éireann."

Le linn an chruinnithe, cuireadh an bheirt Airí ar an eolas maidir leis na buntáistí atá ag teacht don dá dhlínse trí fhaisnéis a mhalartú agus trí dhea-chleachtas i réimsí ar nós an cheartais i leith an aosa óig, tacaíochta d’íospartaigh agus na heolaíochta fóiréinsí.

D’fháiltigh an bheirt Airí roimh an malartú leanúnach faisnéise ón dá fhórsa póilíneachta i leith ciontóirí gnéis, agus roimh bhearta leanúnacha chun reachtaíocht fhógartha ciontóirí gnéis a chomhchuibhiú ar fud na hÉireann agus na Breataine.

8 Meitheamh 2009.