Aighneachtaí á Lorg – Dréachtscéim Ghaeilge á hUllmhú

AIGHNEACHTAÍ Á LORG

ACHT NA dTEANGACHA OIFIGIÚLA 2003 – DRÉACHTSCÉIM Á hULLMHÚ AG An Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais

Tá An Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais ag ullmhú an dara scéim dá cuid de réir Alt 11 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Tá beartaithe go mairfidh an dara scéim ar feadh trí bliana ó dháta éagtha na scéime reatha.

Is é bunchuspóir an Achta a chinntiú go mbeidh fáil níos mó ar sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge agus go mbeidh siad ar chaighdeán níos airde.

Tá uiríll i ndáil le hullmhú na scéime nua á lorg anois ag an Roinn ó aon pháirtithe leasmhara. Is ceart aighneachtaí, a chuirfear ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne, a chur ar aghaidh go leictreonach chuig: achtteanga@justice.ie. Ina ionad sin, is féidir iad a chur leis an bpost chuig Charles O’Connell, Rannán na Seirbhísí Corparáideacha, Teach Shruthán na Giúise, 51 Faiche Stiabhna, Baile Átha Cliath 2.

Tá faisnéis i ndáil le ról/seirbhísí na Roinne Dlí agus Cirt agus Athchóirithe Dlí ar fáil ar www.justice.ie.

Is é an dáta deireanach a nglacfar le huiríll ná 5 p.m. an 16 Iúil, 2009.

Tá tuilleadh eolais i ndáil leis an Acht ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta www.pobail.ie nó ar iarraidh ríomhphoist chuig achtteanga@pobail.ie.