Fáiltíonn Ó hEachthairn roimh cheapacháin ar an gCoiste Comhairlitheach um Théarmaí Dlíthiúla Gaeilge
Chuir an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí, Diarmuid Ó hEachthairn, T.D., fáilte inniu roimh an Rialtas do cheapadh 7 comhalta nua ar an gCoiste Comhairlitheach um Théarmaí Dlíthiúla Gaeilge.
Cheadaigh an Rialtas an Stiúrthóir ar Lár-Aonad Aistrithe na nIonstraimí Reachtúla a cheapadh ina chomhalta/ina comhalta ex-officio ar an gCoiste, chomh maith – tá an Stiúrthóir á earcú/á hearcú faoi láthair.
Ar na ceapacháin nua tá:
· Cathaoirleach nua ar an gCoiste, an Breitheamh Onórach Adrian Hardiman, ón gCúirt Uachtarach,
· an tOnórach, an Breitheamh Rory MacCabe, ón gCúirt Chuarda,
· an Breitheamh Uinsin MacGruairc ón gCúirt Dúiche,
· an tUas. Vivian Uíbh Eachach, Príomh-Aistritheoir, Rannóg an Aistriúcháin,
· an tUas. Caoimhín Ó hUiginn, iarArd-Rúnaí Cúnta, an Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí,
· an Dr Micheál Ó Cearúil, Aistritheoir, an Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí, agus
· Fidelma Uas. Ní Ghallchobhair, Rúnaí, an Coiste Téarmaíochta.
Agus é ag cur fáilte roimh na ceapacháin dúirt an tAire Ó hEachthairn: "Rinne an Rialtas na ceapacháin ag an tráth seo d’fhonn fíorú an aistriúcháin ar na Foirmeacha i Rialacha Cúirte atá aistrithe ag mo Roinnse a éascú. Ó 2003 i leith, tá mo Roinnse i mbun olltionscnamh aistrithe na Rialacha Cúirte go Gaeilge. D’fhoilsíomar an t-aistriúchán Gaeilge ar na Rialacha Cúirt Dúiche, 1997, i 2004 agus foilseoimid an t-aistriúchán ar na Rialacha Cúirte Cuarda, 2001, go luath.
Tugann próiseas fíoraithe an Choiste údarás agus dearbhú cáilíochta don aistriúchán Gaeilge ar na Rialacha Cúirte. Cuideoidh na comhaltaí nua leis an gCoiste díriú ar na Foirmeacha atá sna haistriúcháin sin a fhíorú."
5 Lúnasa 2009
Nótaí le haghaidh eagarthóirí
Bunaíodh an Coiste Comhairlitheach um Théarmaí Dlíthiúla Gaeilge faoin Acht Téarmaí Dlíthiúla Gaeilge, 1945. Údaraítear leis an Acht sin ‘iontsamhla caighdeánacha Gaeilge do théarmaí áirithe do chur ar fáil chun críocha dlí’ agus déantar socrú leis ‘chun foirmeacha agus fasaí dlíthiúla Gaeilge d’fhoilsiú’.
Déantar socrú leis an Acht chun na daoine seo a leanas a cheapadh ar an gCoiste Comhairlitheach um Théarmaí Dlíthiúla Gaeilge: Breitheamh den Cúirt Uachtarach nó den Ard-Chúirt, Breitheamh den Chúirt Chuarda agus Breitheamh den Chúirt Dúiche, abhcóide, aturnae, comhalta de Rannóg an Aistriúcháin (Tithe an Oireachtais) agus cibé comhaltaí eile a ainmneoidh an Rialtas.
De bharr a sainréimsí inniúlachta, soláthraíonn comhaltaí saineolas dlí agus Gaeilge don Choiste.
Is iad seo a leanas comhaltaí eile an Choiste:
· An tUas. Dáithí Mac Cárthaigh – abhcóide cleachtach, arna ainmniú ag Comhairle Abhcóidí na hÉireann.
· An tUas. Leachlain S. Ó Catháin – aturnae cleachtach, arna ainmniú ag an Dlí-Chumann.
· Marie Uas. Ó Súilleabháin – atá lonnaithe sa Daingean, Co. Chiarraí.
· Muiríde Uas. Uí Chruadhlaoich – atá lonnaithe i mBaile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí.
· Áine Uas. Ní Chonghaile – Stiúrthóir Europus Teo., cuideachta chomhairleoireachta teanga atá suite ar an gCeathrú Rua, Co. na Gaillimhe.
Ní íoctar aon táillí le comhaltaí as a rannpháirtíocht ar an gCoiste.
