Foilsiú na dTuarascálacha do 2008 ó na Coistí Cuairte Príosún
Inniu, d’fhoilsigh an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí, an tUas. Diarmuid Ó hEachthairn, T.D., na Tuarascálacha Bliantúla do 2008 ó Choistí Cuairte na bpríosún seo a leanas: Cnoc an Arbhair, Príosún an Chaisleáin Riabhaigh, Príosún Chnoc Seimre, Príosún Chorcaí, Lárionad Dóchais, Príosún an Láir Tíre, Príosún Phort Laoise, Ionad Coinneála Theach na gCanónach, Príosún Chruithneachtáin, Teach an Locháin Ionad Coinneála, Príosún Mhoinseo, Príosún Luimnigh, Foras Naomh Pádraig agus Ionad Coinneála an Aonaid Oiliúna.
Tá na tuarascálacha sin le fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne, www.justice.ie
23 Deireadh Fómhair 2009
