Fógraíonn an tAire Shatter ceapacháin shinsearacha sna Gardaí
Inniu, d’fhógair an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais go raibh an Rialtas tar éis 2 Coimisinéir Cúnta, 8 Ard-Cheannfort agus 23 Ceannfort a cheapadh sa Gharda Síochána.
Ag labhairt dó tar éis chruinniú na Comh-Aireachta dúirt an tAire: "Tá an-áthas orm gur ghlac an Rialtas inniu leis an iarraidh a rinneas-sa, arna ceadú ag mo chomhghleacaí, an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, na ceapacháin seo a dhéanamh ag an tráth seo. Tá ceadú faighte agam, chomh maith, ón Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe chun go gcuirfear san áireamh an Coimisinéir do líonadh na bhfolúntas iarmhartach, ag leibhéal an Chigire agus an tSáirsint, a bheidh ann de bharr na gceapachán sinsearach seo. Is forbairt fhíordhearfa atá anseo ag an tráth seo agus léiríonn na ceapacháin seo tiomantas an Rialtais do chéimeanna maoirseachta agus bainistíochta sa Gharda Síochána a choinneáil ag an leibhéal is airde is féidir."
Rinne an Rialtas na ceapacháin seo tar éis próisis roghnúcháin iomaíoch de réir na rialachán reachtúil lena rialaítear arduithe céime san fhórsa.
Thug an tAire an méid seo a leanas dá aire: "Táthar ag súil leis go mbeidh neart 13,551 sa Gharda Síochána ag deireadh Fheabhra 2012, bunaithe ar réamh-mheastacháin reatha. Tá sé seo an-ghar don neart a bhí ann i ndeireadh 2007 (13,755). Ní mór féachaint ar an laghdú seo sa líon a tharla ar na mallaibh i gcomhthéacs an chláir fhíor-athchóirithe mhóir atá á sheachadadh sa Gharda Síochána faoi Chomhaontú Pháirc an Chrócaigh. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le gach comhalta den Gharda Síochána as na hathchóirithe móra atá tugtha isteach le déanaí. Tá lánmhuinín agam as an gCoimisinéir agus as na comhaltaí ag leanúint orthu ag seachadadh an athchóirithe seo agus ag leanúint orthu leis na tiomantais i bPlean Póilíneachta an Gharda Síochána do 2012."
7 Feabhra, 2012
