Cáineann an tAire Shatter Margaí Alcóil atá ceangailte le Liúntas Leanaí

Inniu cháin an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Cosanta, an tUasal Alan Shatter T.D., táirgí alcóil a cuireadh ar liosta de mhargaí speisialta atá ceangailte le Liúntas Leanaí a chuir siopaí éagsúla i mBaile Átha Cliath agus in áiteanna eile chun cinn.  

Dúirt an tAire inniu go raibh sé mífhreagrach agus náireach táirgí dá leithéid a chur san áireamh, "Tugann sé le fios go bhfuil níos mó suime ag siopadóirí áirithe díolachán agus sochar a mhéadú seachas alcól a dhíol go freagrach".   Tá díomá orm nach dtuigeann ceadúnaithe áirithe na freagrachtaí atá orthu ina leithéid de chás. Cuireann sé uafás orm freisin go ndíreodh na siopadóirí áirithe sin ar liúntas a íocann an Stát do leas leanaí ar bhealach chomh ciniciúil sin. 

 

03 Iúil 2012