Saoráil Faisnéise
Céard is brí le Saoráil Faisnéise?
Tháinig an tAcht um Shaoráil Faisnéise i bhfeidhm an 21 Aibreán, 1998 agus leasaíodh é an 11 Aibreán, 2003 tríd an Acht um Shaoráil Faisnéise (Leasú) 2003.
Tá an ceart agat faoi Shaoráil Faisnéise:
- rochtain a fháil ar thaifid atá i seilbh roinne Rialtais nó comhlachtaí poiblí áirithe
- a iarraidh go ndéanfaí ceartúchán ar fhaisnéis phearsanta a bhaineann leat atá i seilbh roinne Rialtais nó comhlachtaí poiblí áirithe nuair atá sé míchruinn, neamhiomlán nó míthreorach
- na cúiseanna a bhí le cinneadh a rinne roinn Rialtais nó comhlachtaí poiblí áirithe a fháil nuair a bhíonn tionchar ag an gcinneadh sin ort.
Céard iad na taifid ar féidir liom iad a iarraidh faoi Shaoráil Faisnéise?
Féadfaidh tú na taifid a leanas atá i seilbh roinne nó comhlachtaí áirithe a iarraidh:
- taifead ar bith a bhaineann go pearsanta leat, beag beann ar an uair a cruthaíodh é
- gach taifead eile a cruthaíodh tar éis an 21 Aibreán, 1998
Ciallaíonn ‘taifead’ doiciméad páipéir, faisnéis atá stóráilte ar ríomhaire, asphriontaí, léarscáileanna, pleananna, micreascannán, micrifís, ábhar closamhairc, srl.
Níl ort cúis a thabhairt cén fáth gur mian leat taifid ar leith a rochtain, agus ní mór don roinn Rialtais nó don chomhlacht i gceist míniú a thabhairt duit má dhiúltaíonn sí/sé duit taifead ar bith a raibh tú á iarraidh a rochtain. Ní mór cinneadh maidir le d’iarratas Saorála Faisnéise a thabhairt laistigh de 20 lá oibre.
Má tá ceist ar leith agat maidir le hiarratas Saorála Faisnéise a dhéanamh ar an Roinn seo, féach ar Ceisteanna Coitianta maidir le Saoráil Faisnéise.
Le haghaidh faisnéise níos cuimsithí maidir le Saoráil Faisnéise, lena n-áirítear téacs na nAchtanna um Shaoráil Faisnéise, téigh go dtí láithreán Gréasáin an Láraonaid Bheartas SF ag www.foi.gov.ie.
Sonraí Teagmhála
Ba cheart gach iarratas faoi na hAchtanna SF a sheoladh chuig:
Teileafón: + 353 1 602-8202 fo-líne 8408/8417
Íosghlao: 1890 221 227 fo-líne 8408/8417
Facs: + 353 1 602-8652
Ríomhphost: foi@justice.ie
| Seoladh: | Oifigeach um Shaoráil Faisnéise An Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais Teach Shruthán na Giúise 51 Faiche Stiabhna Baile Átha Cliath 2 |
| Fón: | + 353 1 6028202 ext. 8408/8417 |
| Íosghlao: | 1890 221 227 ext. 8408/8417 |
| Faics: | + 353 1 6761837 |
| Ríomhphost: | foi@justice.ie |
