Seirbhís na hÉireann um Cheartas i leith an Aosa Óig
Chun tuilleadh eolais a fháil, breathnaigh, le do thoil, ar shuíomh gréasáin SÉCAÓ ag http://www.iyjs.ie
Oibríonn Seirbhís na hÉireann um Cheartas i leith an Aosa Óig (SÉCAÓ) le leanaí agus déileálann sí leis na torthaí a thagann chun cinn toisc iad a bheith i dtrioblóid leis an dlí. Tá an tseirbhís seo treoraithe ag na prionsabail in Acht na Leanaí 2001 agus tá sí scartha ón gcóras ceartais aosaigh chomh fada agus is féidir.
Díríonn SÉCAÓ ar atreorú, smachtbhannaí pobail, athshlánú agus, mar rogha deireanach, coinneáil. Comhlíonfaidh SÉCAÓ a ról i bhforálacha Acht na Leanaí a fhorfheidhmiú trí na gníomhaireachtaí ceartais coiriúil ábhartha. Freisin forbróidh sí naisc le príomhpháirtithe, lena n-áirítear comhlachtaí reachtúla agus neamhreachtúla eile, ar nós Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, seirbhísí deonacha do leanaí agus oibríonn sí laistigh de chreatlach straitéiseach Oifig an Aire do Leanaí.
Sonraí Teagmhála
| Seoladh: | 4th Floor |
| Teileafón: | + 353 1 647-3000 |
| R-phost: | iyjs@justice.ie |
| Idirlíon: |
Sa roinn seo, faigh amach faoi na nithe seo a leanas:
- Bearta Eile
- Clár agus Tionscadail na nGardaí um Atreorú na nÓg
- Straitéis Náisiúnta um Cheartas i leith an Aosa Óig
- Ceartas Aisiríoch agus Smachtbhannaí Pobail
- Forbhreathnú de Sheirbhís na hÉireann um Cheartas i leith an Aosa Óig
- Príomhghnéithe den Chóras Ceartais i leith an Aosa Óig
- Scoileanna Coinneála Leanaí
