Sábháilteacht agus Slándáil
Imríonn an Roinn ról ríthábhachtach maidir le slándáil an Stáit agus sábháilteacht a phobail a chinntiú. Tá an méid seo a leanas san áireamh lenár bhfreagrachtaí sa réimse seo:
- ag tabhairt tacaíochta le héigeandálaí móra a bhainistiú ar bhealach éifeachtach comhordaithe
- beartais maidir le hairm thine agus pléascaigh a cheapadh agus a chur i ngníomh
- bagairt na sceimhlitheoireachta, cibé acu sceimhlitheoireacht intíre nó idirnáisiúnta, a chomhrac
